School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)

Location:
Cluain Brón, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 321

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 321

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Page 321
  3. XML “Ainmhithe na Feilme”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ní ghortuigheann sé crúb an cpaill mar ní chuireann sé na tairnghí i mbeó na coise. bíonn na feilméara ag ceannsú an chapaill le rópa agus le slat. #Tugann sé biadh dó freisin ionnus nach mbeidh sé crosta. Nuair a bhíonn sé ceannsuighthe aige cuireann sé fán gcárr is fán gcairt é. Baineann sé an cluimh den chapall sa smahradh le inneall.
    Ní raibh aon chapall iongahtach san áit fadó, agus mar sin féin bhí dhá chapall sa cheanntar agus ba leis beirt fear darb ainm 'Ó'Suilleabháín' iad agus bhuaidheadar mórán rásanna. Níl aon eolas ag na daoine i dtaobh chapaill do chaith seacht mbliadhna i stábla.
    Beathuightear na muca agus na caoirigh, ar an bhfeilm, acht má bhíonn oileán ag aoinne, is ann a bhíos na gabhair aige. Bíonn feoil na muca agus na gcaorach deas le n-ithe. Marbhuightear na muca, nuair atá siad reamhar. Níl fhios ag aoinne cé rinne an chéad mhuc.
    Nuair a bhíonns na doine ag glaodhach ar ainmhithe agus éanlaith na feilme, deireann siad 'tiuc, tiuc' leis na cearca, 'beadaidhe' leis na géana, 'phadt, padt' leis na lachain, 'dis dis' leis na sicíní, 'suc cuc' leis na gamhnaibh, 'fuiris' leis na muca, 'tseof' leis na caoirigh, agus le fead a glaodhtear ar mhadra.
    Cuirtear cearca ar gor sa Samhradh agus ál uibheacha fútha. bíonn na cearca ar gor trí seachtmhain. Tagann sicíní óga amach annsin agus bíonn bean-a=tighe an-chúramach ag tabhairt aire dóibh. Tugann sí árán agus mín-coirce dóibh mar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway
    Informant
    Mícheal Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway