School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)

Location:
Cluain Brón, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 320

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 320

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Page 320
  3. XML “Ainmhithe na Feilme”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ceangal na bó. Déanann cuid de na daoine na ceangail, is ceannuigheann daoine eile iad.
    Crochann cuid de na daoine 'bonn' sa stábla ionnus go mbéidh an ráth ar an stoc. Tá sgéal ag cuid do na daoine fá bhó a bhí ann fadó agus go raibh a lán bainne aici uair. Tráthnóna amháin bhí bean ag bléaghán na mbó agus rith cat amach faoin a chosaibh. Ón oidhche sin amach bhí an bhó an-chrosta agus ní raibh an méid bainne aici in a dhiaihd sin. Dubhairt na doine gurb é ceann de na daoine maithe bhí ann, agus gur thug siad an bainne leo. Tar éis sin dhíol na daoine í.
    Deirtear go mbíonn daoine indon droch-shúil a dhéanamh ar na ba. Ní dóirteann na daoine bainne tar-éis na ba a bhleaghán, mar bíonn siad an-curamach ar fhaithchíos go dtiubhradh na daoine maithe an (t-uisge leo) bainne leo. Ní chailleann cuid de na ba bainne tar éis laogh a bheith acu. 'Bainne buidhe' a tugtar ar an gcéad bainne a bhíonns ag bó tar éis laoigh. Óltar an bainne sin acht bruithtear ar dtú é. 'Gruith' ainm eile air nuair ata sé bruithte. Tugtar an bainne sin don laogh fresin. Bíonn an 'bainne buidhe' aici ar feadh ceithre lá, agus annsin éirigheann sí bán agus is féidir é a chur san tae.
    'Stábla' a tugtar ar theach an chapaill. Tugtar fataí coirce, turnapaí agus meacain don chapall le n-ithe, agus ólann sí uisge. Cuirtear cruidhte uirthí go minic. 'An Gabha' a chuireann uirth í iad. Nuair a bhíonn sé ag cur na cruidhte faoin gcapall, tógann sé an crúb idir a dhá ghlúin. Gearrann sé é agus leagann sé an crúidh te anuas air. Cuireann sé na tairnghí isteach le casúr.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway
    Informant
    Mícheal Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway