Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Láimhíneach
Ní breac é an láimhíneach a bhfuil aon tóir mhór ag iascairí air. Ta sé an-chosúil leis an bplás agus leis an roc. Ta ainm eile ar an láimhíneach an grodal méarach. Sé déanamh agus cruth an phláis atá air. Tá a bhéal beag tanaidhe agus tá sé ag dul an leithneacht síos go dtí a eireaball. Le doruithe agus le damháin bhéaga a mharaíter an láimhíneach. Ar gach taobh de tá sórt lámh. Ta cúig mhéar aisteacha ar gach taobh de agus iad cosúil le lámha ar bith. Is iondúil gurb í iascach an bhroma a tugtar air. Se an sprat an baoite is fearr len aghaidh. Sórt cineál síol is ea é an sprat. Ins an bhfarraige a chothaíonn an sprat. Nuair a bhíonn na faoileáin ag imeacht sa spéir bíonn a sgáile le feiceáil thios ar thóin an phoill. Nuair a fheiceann an síol an(leanann ar an chéad leathanach eile)