Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Múinteoir: N., Bean Uí Cholchúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tar-éis tamall tháinig sé amac agus dubhairt sé leis an ngasúr eile. "Tá seisean glic; is beag nár rug sé orm. D'fiafruigh sé diom, ar goideas airgead riamh? ar stadas ó'n aifrainn? ar bhualas paistí riamh? agus annsin d'fiafruigh sé diom ar ghoidheas gabhar riamh? Anois nár tháinig sé gar dhó. Cinnte is mionán a ghoideas".8/
Bhí sagart óg ann uair agus bhí sé ag dul thart nuair a bhí na stáisiún ann. Tháinig sé go dtí teac agus tháinig sean-fhear ag an bhfaoisdin aige. Ní raibh fhios aige a chuid paidreacha agus dubhairt an sagart leis dul abhaile agus iad a fhoghluim. D'imthigh an sean-fear leis. Nuair a bhí sé ar a bhealach abhaile casadh sean-fhear eile dhó. "Bhí mé ag an bhfaoisdin aige sin thoir' adubhairt sé, "agus tá >touch< mait ann?- Bailitheoir
- Patricia Ní Cuinneagáin
- Inscne
- Baineann