Scoil: Leitirmealláin

Suíomh:
Leitir Mealláin, Co. Galway
Múinteoir:
Éamonn Ó Gógáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 273

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 273

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmealláin
  2. XML Leathanach 273
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)
  5. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí fear ag iasgach fadó agus chonnaic sé Maighdean mhara agus bhí sí ag imteacht indiaidh an bháid i gcómhnuidhe agus ní rabih sé ag fághail breac ar bith.

    Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. (gan teideal)

    Bhi each uisge ann fadó agus bhí searacha óga aice san bhfairrge.

    9. Bhí each uisge ann fadó agus bhí searacha óga aice san bhfairrge. Bhí fear ag dul thart agus chonnaic sé an t-ehach uisge agus bhí sé ag iarraidh í a mharbhughadh agus níor fhéad sé. Chuaidh sé abhaile agus tamall maith in a dhiaidh sin thug sé bád leis agus tháinig sé thart san áit a raibh an t-each uisge agus níor chuimhnigh sé an raibh sé ann chor ar bith. Fá cheann tamaill d'eirigh sí suas chuige agus báthadh é. Deirtear dá bhfuair sí thú sul dá bhfeiceadh tú í nach mairfeadh tú acht bliadhain.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. (gan teideal)

    Aon uair amháin bhí beirt fhear ann agus sé an cheird a bhíodh aca ná ag marbhughadh róinte.

    10. Aon uair amháin bhí beirt fhear ann agus sé an cheird a bhíodh aca ná ag marbhughadh róinte. Aon lá amháin chuaidh siad amach ar an bhfairrge ag marbhughadh róinte agus ní raibh siad i bhfad amuigh nuair a chaith siad rón agus nuair a chaith siad é tháinig ceó mór. Ní raibh a fhios aca chor ar bith cá raibh siad agus d'iarradar ar Dhia dá dtagaidís slán an lá seo nach marbhóchaidís aon rón arís go brách. Níor bhfada na dhiaidh sin nó go bhfaca siad oileán agus sé an tainm a bhí air ná Ára bheag agus d'fhan siad tamall ann agus is gearr gur cailleadh iad.
    Ainm an sgoláire:-
    Maighréad Nic Dhonnchadha
    leitirmaoláin, Co. na Gaillimhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.