School: An Tráigh Bhán (roll number 14724)
- Location:
- An Trá Bháin, Co. Galway
- Teacher: Meleachlán Mac Gairbhín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tráthamhail go leór bhuail sé an doras isteach ag dul fa na gréine agus an fainne in a ghlac aige. D'fhiosruig an sean-fheairín dhó a bhfúair sé an fáinne. O! fuair ar seisean agus beag an beann dom é a fhághail". "Tá go maith" ar seisean. Shuidheadar beirt cun teineadh agus chaitheadar an oidhche ag deanamh ceóil agus ag damhsa.
Maidin lá ar na mháireach nuair a d'éirigheadar d'fhiafruigh mac an riogh don t-sean-fheairín céard a chaithfidh sé a dhéanamh an lá sin. "Fan go fóill" ar seisean agus chuaidh sé amach agus fuair sé cléite circe. "Seo" anois ar seisean "cuir brat ar an stábla sin thoir leis an gcléite sin "Dona go leór" arsa mac an ríogh agus chuaidh sé amach agus bhain sé píosa den chléite le cur ar an teach agus nuair a thóg sé in a láimh dhó d'imthigh an chuid sin le gaoith. Bhí sé mar sin aríamh go h-am dinnéir go dtáinic an t-inghean le na dhinnéar aige. "Seadh" ar sise "cé mar tá tú ag déanamh". "Go dona" ar seisean. "agus nach bhfuil aon phíosa den chléite agad" "Ó! tá" ar seisean ag teasbáint piosa dí. "Tá do dhóthain agad" ar sise. Rinne sí dhá phíosa dhé agus leag sí piosa ar gach binn(continues on next page)- Collector
- Meleachlán Mac Gairbhín
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Colm Ó Corraidín
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- An Trá Bháin, Co. Galway