School: An Cnoc (Leitir Mór)
- Location:
- An Cnoc, Co. Galway
- Teachers: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)teach bhí go leór istigh. Bhí sean-bhean ann agus sean-fhear. Núair a tháinig sé isteach an céad doras agus dubhairt an sean-fhear "teigh abhaile, tá spóirt aca seo dóibh fhéin anois, agus bhí spórt agatsa idtús an oidhche. Bhí ceól agus rinnce ag na daoine abhí 'sa seomra. Chuir an fear a cheann siar 'sa seomra agus chonnaic sé bean ina seasamh agus ceann cromtha aice. Chuaidh an bhaintreabhach go dtí í agus thóg sé a ceann agus dubhairt sé "badh chóir duitse bheith san mbaile ag do chuid páistí (b'í bean an tailliúra í) Rug sé greim ar an mnaoi agus thug sé amach an doras í. Chuaidh an méid bhí 'sa teach amahc 'na diaidh agus bhí siad ag iarraidh í tharraingt uatha acht theip ortha. Thug sé an bhean abhaile agus cúig bliadna ina dhiaidh sin fuair an bhean bás.
- Informant
- Stiofán Seóige
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile na Cille, Co. Galway