School: An Cnoc (Leitir Mór)
- Location:
- An Cnoc, Co. Galway
- Teachers: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a tháinig sé chomh fada leis an mbrochán bhí na céadta agus na mílte cuileóg báidhte ánn. Ní sin dhearna sé ach iarraidh d'en t-sluasad a thabhairt de'n phláta, agus mharbhuigh gach ceann aca. D'imthigh Seán leis annsin agus é ag déanamh gaisce, ceapadh go raibh gníomh mór déanta aige, an sluagh úd cuileóg a mharbhughadh d'aon iarraidh amháin. Fuair sé píosa iarainn, agus thug sé go dtí an gabha é. Dubhairt sé leis an ngabha claidheamh a dhéanamh dhó. "Nuair a bhéas sé déanta agat" arsa Seán leis "sgríobhfadh tú an t-ainm seo air. "An fear a mharbhuigh na mhílte agus na céadta d'aon bhuille amháin". Nuair a bhí an claidheamh déanta aige sgríobh sé an t-ainm air.
D'imthigh Seán leis annsin ar lorg oibre, agus an claidheamh úd aige. Éinne a d'fheicfeadh an claidheamh sin, agus an t-ainm a bhí air thiocfadh faitchios orrs roimh Sheán, agus d'imthochadh siad as a bhealach, mar cheapfidís gur na mílte agus na céadta duine a mharbhuigh sé d'aon bhuille amháin. Ní raibh sé i bhfad nó go dtáining Seán go dtí tach a bhí in aice cúirt. Bhuail sé ar an doras, agus leigeadh isteach é. D'fhiafhruig sé do fhear an tighe an raibh aon fhear oibre ag teastáil uaidh, Dubhairt an fear go raibh fear ag teastáil go géar uaidh le fada. "Tá triúr fathaigh ag teacht go dtí mo chúirt chuile oidhche dá leagadh, agus tá sé cinnt(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó hIarnáin
- Gender
- Male
- Address
- Crompán na nUaimíní, Co. Galway
- Informant
- Seósamh Ó hIarnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Crompán na nUaimíní, Co. Galway