School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gort Mór
- XML Page 264
- XML “Rí na hÉireann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lean é" adeir an máighistir. Bhí dhá chlaidheamh ag na fir. Lean Máire Céadhtach agus nuair a bhí na fir ag teacht ag binn na sgoile. Bhuail an Lon-Dubh Céadhtach dhá chlaidheamh. Bhain sé an cloigeann dhe. Ní rabh le déanamh ag Máire ach cloigeann Céadhtach a chur isteach i na naprún agus an choillinn a chur faoi na h-asgaill agus imtheacht léithe go dtí an tráigh. An buille a bhuail Céadhtach ar mhéar an Lon Dubh sa gCeardcha sin é an uair a bhain sé an sásamh amach nuair a bhain sé an cloigeann dhe. Nuair a tháinic Máire go dtí an tráigh thóg sí amach a sgian póca. Fuair sí cláirín beag, agus faoi ceann leath huaire bhí an long a bfearr a chuaidh ar fairrge ariamh déanta aice. Chuir sí Céadhtach faoi ghlas thiar i seomra i ndeire na luinge. D'arduigh sí an seól mhór agus sheól léithe faoi cheann seacht n-oidhche agus seacht lá ag seóladh chonnaic sí mar a bheadh préachán sa bhfairrge agus rinne sí air. De réir mar bhí ag teannadh leis bhí fhios aice gur oileán a bhí ann. Tháinic sí i dtír ann agus chuir sí feiste lá is bliadhain ar an luing chomh maith is dhá mbeadh sí gan a bheith ann ach lá. Shiubhail sí suas na tolacha raithnighe go dtáinic(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Neachtain
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Glinn Chatha, Co. Galway