School: An Gort Mór (roll number 10582)

Location:
An Gort Mór, Co. Galway
Teacher:
Criostóir Mac Aonghusa
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 215

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 215

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gort Mór
  2. XML Page 215
  3. XML “Mac Rí Éireann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí mac Ríogh Éireann agus a dhriotháir ag siubhlóid lá. Bhí an lá ag cur shneachta. Ní fhaca siad ach fiach dubh. Chaith mac an Ríogh leis agus thuit sé marbh anuas ar an sneachta. "Ní phósfa mise aon bhean go deó ach bean a mbéidh a gruaig chomh dubh leis an bhfiach dubh agus a leicne chomh dearg leis an sneachta a raibh fuil air", adubhairt sé. Chonaic siad solus i bhfad amach sa sliabh. D'imthigh siad leo agus rinne siad ar an mbothán agus chuaidh siad isteach ann. D'fhan siad sa mbothán go maidin. Chuaidh siad ag an aifreann Dé Domhnaigh. Bhí fear marbh ag doras an t-séipéil agus buailfeadh na daoine cois air. D'fhiafhruigh mac Ríogh Éireann dhoibh cé an fáth a rabh siad ag bualadh cois ar an bhfear marbh. "Níor íoc sé a chuid fiacha" deir siad. "Íocfa mise dhó iad" adeir mac an Ríogh. D'íoc sé dhó iad agus thóg na daoine ó dhoras an t-séipéil é. Lá dhá rabh mac an Ríogh na shuidhe amuigh dhó fhéin tháinic fear go dtí é. D'fhiafruigh sé dhó an mbeadh aon fhear oibre oil ag teastáil uaidh. "Tá" adeir sé "ach ní féidir liom mórán
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0328: The Boy Steals the Giant's Treasure
    AT0329: Hiding from the Devil
    AT0505: Dead Man as Helper
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Neachtain
    Gender
    Female
    Age
    14