School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gort Mór
- XML Page 267
- XML “Rí na hÉireann”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus thug sí aníos a chroidhe agus cailleadh Céadhtach.
(no title)
“Bhí beirt driotháir ann fadó driotháir bocht agus driotháir saidhbhir.”
Bhí beirt dhriotháir ann fadó driotháir bocht agus driotháir saidhbhir. Ní rabh ag an driotháir bocht ach aon bhó amháin agus bhí scór ag an driotháir eile. Leanach bó an fhir bhoicht beithigh an driotháir saidhbhir chuile mhaidin agus tráthnóna. Bhí droch bhealach ag na beithigh le dhul agus d'orduigh an driotháir saidhbhir dhá dhriothár casán a dhéanamh nó go marbheóchaidh sé a bhó nuair a bheadh sí ag teacht abhaile. Ní dhearna sé aon chasán le haghaidh na mbeithigh. Aon tráthnóna amháin ní fhaca an driotháir bocht ná a bhean an bhó ag teacht inéindighe leis na beithigh eile. Chuaidh an fear amach dhá cuartú. Ba gearr go bhfaca sé beithigheach i bhfad uaidh. Rinne sé air. Nuair a bhí sé gar dhó bhí fhios aige gur b'í a bhó fhéin a bhí ann. Nuair a tháinic sé go dtí í bhain sé dhí an craiceann. Thug sé leis abhaile é. Thriomuigh sé é agus chuir sé leath-chóroinn sa chuile choirnéal dhe. Thug sé ag an aonach é.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Neachtain
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Glinn Chatha, Co. Galway