School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Sean-Fhear Liath agus Mada an Rí.Bhí fear fadó ann agus ní raibh sa teach ach é fhéin agus a inghean. Bhíodh sé amhuigh go minic ag fiadhach é fhéin agus a gadhar. An lá seo chuaidh sé amach ag fiadhach agus d'fhág sé an cailín beag sa mbaile agus an gadhar. Nuair a bhí an fear imthighthe chuala an gadhar rud éicint ag an doras. D'osgail sé é agus céard a bheadh ann ach sionnach. Shíl an sionnach nac mbeadh sa mbaile ach an cailín beag ach is gearr go rabh fhios aige sin. Nuair a tháinig an sionnach isteach ní dhearna an gadhar ach breith air agus é mharbhú. D'fhág sé istigh faoi an leaba é. Chuaidh sé amach taobh amuigh den doras ag fanacht le fear an tighe. Bfhada leis go rabh fear an tighe ag teacht le go mbeadh sgéal breágh le n-innseacht aige. Nuair a tháinig fear an tighe abhaile chonnaic sé fuil ar bhéal an mhada í dhearna sé tada ach breith ar a ghuna agus é mharbhú. Bhí an fear ag ceapadh go bé an chaoi a mharbh an gadhar an cailín beag. Nuair a chuaidh sé isteach fuair sé an cailín beag sa leaba. Ní rabh fhios aige ó Dhia anuas céard a(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Ghaora
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- Micheál Ó Ghaora
- Gender
- Male
- Age
- 60