School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gort Mór
- XML Page 256
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí beirt ann fadó.”
Bhí beirt fear ann fadó. Bhí duine aca bocht agus an duine eile saidhbhir. Níl aon lá nach dtéigheadh an fear bocht ag iarraidh rud eicínt ar an bhfear saidhbhir. Tháinic sé lá amháin ach dubhairt an fear saidhbhir gur bé an rud deireannach é a thiubhradh sé dhó. "Má tá aon rud ag teastáil uait aon uair eile caithfe tú a dhul go dtí an áit thíos dhá iarraidh" adeir an fear saidhbhir. "Ó muise go bhfóiridh Dia orm" adubhairt sé agus d'imthigh sé leis go dtí an sean teach a bhí aige dhó fhéin. Chuaidh sé chodhladh sáthach brónach an oidhche sin. Nuair a d'éirigh sé ar maidin ní rabh aon fhód móna sa teach. Chuaidh sé amach sa ngarrdha ag cuartú ádhmaid agus cipíní. Chuaidh sé isteach agus rinne sé teine. I lár an lae bhí rud eicínt ag teastáil uaidh. Bhí fhios aige nach rabh aon mhaith dhó a dhul amach dhá iarraidh ar an bhfear eile. Dhún sé an doras agus d'imthigh leis síos. Bhí sé ag dul síos go dtáinic sé go dtí an doras. Chonnaic sé na teinte móra. Bhí cuid aca dearg, cinn eile gorm agus dath(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Neachtain
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Glinn Chatha, Co. Galway