School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An t-sean bhean agus a triúr inghean.Bhí bean ann fadó agus bhí triúr inghean aice. Lá amháin dubhairt an inghean is sine go rabh sé i n-am aice fhéin. a dul ar aimsir. Dubhairt an inghean le na máthair cáca a chuir síos. Chuir an mháthair síos é. D'fhiafruigh an mháthair de ar mbfearr léithe an cáca beag agus a beannacht no an cáca mór agus a mallacht. Dubhairt an inghean gur bhfearr léithe an cáca mór agus a mallacht. D'imthigh an inghean agus bhí an máthair ag chuir mallachtaí na diaidh gur glan sí as a h-amharc. Bhí sí ag imtheacht agus ag síor imtheacht go dtáinig sí go dí tobar. Shuidh sí síos ag caitheamh lón. Ní rabh sí ach ag ithe nuair a tháinig gadhar go dtí í. D'iarr sé píosa oirri ach dubhairt sí leis imtheacht. Tá an méid seo aráin gan agam fhéin. D'imthigh an gadhar leis brónach go leór. Nuair a bhí sé ithe aice d'imthig léithe. Nuair a bhí píosa siubhlta aice bhí sé i ngar a bheith oidhche. Is gearr go bhfaca sí solus agus tháinig sí go dtí é. Chuaidh sí go dtí an doras agus bhuail sí air. Labhair an glór taobh istigh agus dubhairt léithe a dul isteach.(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Ghaora
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- Mairead Ní Chonríog
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Occupation
- Bean feirmeora