School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gort Mór
- XML Page 191
- XML “Pisreoga a Chruinnigh Malraigh Scoil an Ghoirt Mhóir, Ros Muc”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)123. Má fhághann tú airgead geal ar an mbóthar deir siad go bhfuil an t-ádh ort.124. Tá sé ráidhte dhá mbeadh an teine ag tuitim go mbeadh duine eicínt ag teacht.125. Dhá mbeadh tú ag siubhal sa n-oidhche agus tú ag feicheál sidheóg casann tú abhaile arís agus cuireann tú gráinne salann in do bhéal.126. Oidhche Shamhna cuireann siad cuilinn (?) timpeall an áit a mbíonn bainne.127. Dhá mbeadh tú ag dul ag socraide cuireann tú gráinne salann in do bhéal trí h-uaire agus chaitheann thú an cuid eile sa luaith.128. Cuirtear splanc suas i gceann an tighe agus an tlú nuair a bhíonns an bád ag corruighe.129. Tá sé ráidhte nach bhfuil sé ceart im a chuir amach gan gráinne salann a chuir air.130.Bíonn sean daoine ag rádh nach bhfuil sé ceart a dul amach Oidhche Shamhna.131. Níl sé ceart suidhe ar thalamh bán ná tuitim do chodladh.132. Níl sé ceart sméara ithe ó Lá Samhna.133. Dhá mbeadh tú ag breathnú sa sgatán ort fhéin sa n-óidhche ní shé do pectiúr fhéin d'fheictheá ann chor ar bith.134. Bíonn daoine ag rádh go mbíonn fataí sidheóga ag fás agus dhá n-itheadh duine iad caillfí é.135. Dhá mbeadh beithigheach tinn ann deirtear nach sé ceart cainnt a fhagháil do gan bail Ó Dia a chuir air.136. Dhá mbeadh laogh óg ann agus duine a theacht ag(continues on next page)