School: Inistrághamhóir (roll number 15449)

Location:
Inis Treabhair, Co. Galway
Teachers:
Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 097

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 097

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inistrághamhóir
  2. XML Page 097
  3. XML “An Ceannaí Beag agus an Ceannaí Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    beidh sé agatsa i n-diú agus beidh sé agamsa i mbáireach. Nuair chuaidh an ceannaidhe mór i bhaile chuir sé an capall isteach san sgioból agus thósuigh sé dhá bhualadh le maide acht ní raibh aon phíghinn ná leath-choróinn faoí na cheann mar bhí ar maidin. Ar maidin lá ar na bhárach bhí an ceannaidhe beag ag an doras ag iarraidh an chapaill agus d'fiafruigh sé den cheannaidhe mór cé mar d'oibrígh sé an lá roimhe sin. Dúbhairt an ceannaidhe mór gur oibrígh sé go h-an mhaith. Nuair a chonnaic an ceannaidhe beag nach rinne sé féin aon mhaith tháinig sé go dtí an ceannaidhe mór. Chuaidh an bheirt aca ar thóir an fhir ar cheannuigh síad an capall uaidh. Bhí fhíos ag an bhfear go dtiucfaidh ar a thóir agus dúbhairt sé leis an mbean nuair d'feicfidís ag tígheacht iad go dtosochaidís ag troid agus dúbhairt sé lé na mhnaoi a dhul a chodladh agus go gcuirfeadh sé putóig coilligh faoi na muinéal agus go mbeadh sé líonta lé fuil. Is geárr go bfacha síad an ceannaidhe beag agus an ceannaidhe mór ag tígheacht. Thosuigh an bheirt ag troid agus nuair a tháinig siad isteach chuaidh an fear anonn go dtí an bhean agus stroich sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Mhullaoidh
    Gender
    Female
    Age
    16
    Address
    Inis Treabhair, Co. Galway
    Informant
    Darach Ó Mullaoidh
    Gender
    Male
    Age
    76
    Address
    Inis Treabhair, Co. Galway