School: Inistrághamhóir (roll number 15449)
- Location:
- Inis Treabhair, Co. Galway
- Teachers: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inistrághamhóir
- XML Page 090
- XML “Fear agus A Bheirt Mhac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus bhí beirt mhac aige agus bhí a lán talmhan agus airgid aige. Cúpla lá shul a bfuair sé bás dubhairt sé go dtiúbhradh sé an ríoghacht d'en mhac ba shine. Phós an mac ba shine annsin, agus bhí triúr mac aige. Nuair a bhí an triúr mac súas na bhfir óga fuair an t-athair bás. Bhí uncail an triúr mac ins an teach agus nuair a fuair a dhearbhráthair bás dhíol sé an talamh. D'imithigh an triúr mac ag saothrú annsin agus ba gheárr gur casadh áit dhóibh a raibh capall na luighe. Dúbhairt an mac ba shine go raibh an capall caoch. Dúbhairt an dara mac go raibh sé manntach, agus dubhairt an mac ab óige go raibh sé bacach.Bhí siad siúbhal annsin gur casadh fear dhóibh agus d'fiafruigh sé dhóibh an bfacha síad aon chapall agus dúbhairt síad nach bfacha. Dúbhairt an mac ba shine go raibh sé caoch. Dúbhairt an dara mac go raibh sé manntach, agus dúbhairt an mac ab óige go raibh sé bacach. Dúbhairt an fear go bfacha síad é agus dúbhairt siad nach bfacha. Dúbhairt fear an chapaill go gcuirfeadh sé dlighe ortha.(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Chadhain
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- Inis Treabhair, Co. Galway
- Informant
- Pádhraigh Ó Cadhain
- Gender
- Male
- Age
- 20