School: Tulach Cadhain (roll number 8446)

Location:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Duibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 050

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 050

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulach Cadhain
  2. XML Page 050
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus bhí caogadh ba fé'n a chúramh. Oidhche amháin, bhí sé ag iarraidh na ba a fághail. Chas fear déirce air agus d'fhiafruigh sé dhe an bhfaca sé ba síos ar fud na gcnuic. Dubhairt sé nach bhfaca. Thoruigh sé ag eascainidhe agus dubhairt sé go mbeadh air é thabhairt go dtí go dtí an sagart parróiste. D'imigh siad leo go dtí an sagart. D'innis an fear déirce d'on sagart agus dubhairt sé nach raibh sé indhán aon nidh a dhéanamh dóibh. Dubhairt sé leo a dhul go sagart óg a bhí i bparróiste áithridhe.
    D'imigh siad leo gur shroich siad an sagart óg. D'innis an fear déirce an sgéal don sagart. Dubhairt an sagart leo an oidhche a chaitheamh ins an sliabh a bhí in-aice na h-áite. D'imigh siad leo agus chaith siad cuid de'n oidhche annsin.
    Tar éis tamaill, chonnaic an aoraidh (rua)solas uaidh thaobh an chnuic. Thoruigh sé ag déanamh ar an teach agus nuair a shroich sé é bhí an doras fhosgailte roimhe. Chuaidh sé isteach agus bhí teine mór ar lasadh. Bhí, agus bhí béile breágh leagtha ar an mbord roimhe. Shuidhe sé síos cois teineadh agus nuair nach raibh aoinne ag teacht isteach, shuidhe sé síos lé (teacht) béile a ithe. Dhearc sé síos i gcúinne agus chonnaic sé leabhaidh agus trí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Language
    Irish