School: Tulach Cadhain (roll number 8446)

Location:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Duibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 030

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 030

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulach Cadhain
  2. XML Page 030
  3. XML “An Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chuaidh sé amach ar an mbóthar mhór, agus scaip sé thart é agus é a’rádh: “Tioc, tioc tioc” ag glaodhach ar na cearcaibh ar feadh an ama. Mar sin féin bhíodar maith go leor gur theip ar na fataí an dara bliadhain. San uair sin ní raibh rud ar bith acu in aon chor. Le linn an Gorta bhí máthair mo shean- mháthair ag obair taobh amuich de’n teach. Ar a dul amach dí d’fhag sí cáca síos sa ngreideall ag bácáil. Bhí fear bocht ag dul thart agus fuair sé baladh an cháca. Chuaidh sé isteach an doras fosgailte agus sciob sé leis í agus rith sé leis. Bhí áthas ar fhear a’ tighe nár lean sé é mar bhí an oiread ocrais air nach ndearna an cáca aon mhaiseacht dhó mar fuair sé bás timcheall is mile ó’n teach le taobh an bhóthair.
    Ins an am sin bhíodh feara agus mná ag dul ó ait go háit go lorg bidh agus ar thóir oibre. Fuair siad níos mó min bhuidhe an dara bliadhain thar an chéad bhliadhain agus mar sin bhí siad ag déanamh “stairighe” de, agus dá ithe agus é te, agus chun an scéal a dhéanamh níos measa ní raibh aon spunog acu agus bhí a gcuid méara dóighte ar fad.
    Timcheall na tíre bhí na daoine ag fághail bháis de’n ocras agus do leagh fiabhras ar fuaid na tíre, ón taobh thoir go dtí an taobh thiar.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish