School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 003
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)raibh a fhíos ag a' táilliúr chor ar bith gur sídheóg a bhí i mo dhuine. Céard a dhéanfadh seisean ach píopaí ceoil a thabhairt amach. Annsin dubhairt sé leis a' táilliur: "Bí ag faireadh mo mháthair agus innis domsa nuair a bheidh sí ag teacht". Dubhairt a' táilliúr go ndéanfadh sé amhlaidh. Chuaidh an Táilliúr taobh amuigh de'n doras ag faire. Thosuigh an lad a bhí sa gcliabhán ag seinim annsin agus sheasfá sa sneachta ag éisteacht leis. Bhí sé ag seinim ariamh go raibh an bhean ag teacht ón tobar. Nuair a bhí sí gar de'n teach chroch an táilliúr suas a lámh agus dubhairt sé lei seasamh go gcloisfeadh sí an ceol. D'fhan sí ag éisteacht ar feadh tamaillín agus annsin chuaidh sí de phlimp isteach sa teach. Nuair a chonnaic mo dhuine a bhí ag seinim í léim sé isteach sa gcliabhán píopaí 'gus eile. Dubhairt an bhean annnsin leis a' táilliúr: "Óra céard a dhéanas muid beire ná beo leis. Sídheóg atá ann."
Chualaidh mé ariamh," adeir a'táilliúr, "an rud ba cheart a dhéanamh de lad de'n tsórt sin. Fáigh sluasad agus cuir cúpla splannc teine ann. Annsin cuir an sídheóg ar an sluasad agus caith amach é."
Nuair a chuala an páiste trácht ar an sluasad léim sé amach as an gcliabhán agus as go bráth leis agus ní fhaca Máire Bríghde é in a(continues on next page)- Collector
- Aodh Ó Maidín
- Gender
- Male
- Address
- Kilcloggaun, Co. Galway
- Informant
- Tadhg Ó Maidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Kilcloggaun, Co. Galway