School: Leath-bhaile

Location:
Levally, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Maoldhomhnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 241

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 241

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leath-bhaile
  2. XML Page 241
  3. XML “Scéal an Gobán Saor”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    lomrolann uaidh agus bhain sí an t-olann dhe. Thóg sí dó an craiceann ar ais agus luach an olann. Thug sí abhaile le na athair é agus bhí sé sásta. Faoi chionn seachmhaine dubhairt sé leis imtiacht agus gan a thigheacht ar ais nú go bhfeicfeach sí an t-uisce a gul in aghuid chnuic. D’imigh an mac leis agus ba ghearr gur casadh an cailín céadna leis. D’innis sé an sgéal di. Fan ansin anois, arsa sise, agus ‘sgearr ná go bhfeice tusa sin. Tháinic na beithidhigh agus na caple ‘gól ag an scrufán ansin. Gab bhaile anois agus innsigh go t-athair go bhfaca tú an t-uisce a’ guil in aghaidh an áird. Rinne sé sin agus bhí an t-athair sásta. Ba mhian leis an ngobán saor ansin go bpósfach a mhac an cailín cliste sin agus d’iarr sé uirthi teacht ag a theach. Thug sé isteach i seomra í gur thosbáin sé carnáin óir a bhí aige ann. Céard do mheas ar sin, a deir sé leithe. Is maoth é, a deir sí, ach a bheith ag cur in a cheann. Bhí an t-athair sásta ansin agus pósadh iad. Faoi cheann tamaill b’éigin dhó dul go Sasana í a’beanain casileán go larla. Nuair a bhí siad a‘ siubhal a bhothair g;iarr an t-athair ar an mac an boiar a ghiorrú. Thoisigh an mac a’ siubhal go meach is di fhéad sí. Dubhairt an t-athair leis an mac nach shin é an chaoi. Gabh bhaile, a deir sé, agus insigh ‘gad bhean é. Ghabh sé ar ais agus d’insigh sé dhuiche. Anois, a deir sí, toirsigh ag innseacht sgéil agus beidh tú a’ giorrú an bhothair.
    D'imthigh sé ar ais go ndearna sé sin agus bhí an t-athair sásta. Nuair a bhí an caisleán ré aca g'iarruigh an t-iarla bfuil aon cheann eile le gul in a chomórtas. Níl, dhá mbeach aon nidh amháin ann. Ceól sé sin le fághail, adeir an t-iarla. Tá sé sa mbaile agam in sa gcomhra mór ag binn mo thigh-se in
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Maoldhomhnaigh
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Levally, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Mainnín
    Gender
    Male
    Age
    70