School: Leath-bhaile
- Location:
- Levally, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Maoldhomhnaigh

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 240
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leath-bhaile
- XML Page 240
- XML “Scéal an Gobán Saor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéal an Gobán SaorBhí sin ann fadó shoin agus fadó a bhí. Mar bhí sean saor cloister ann i nglaodach siad air an gobán saor. Ní raibh aon saor doice críochnuithe ann ach é fhéin. Theangnaigh Dia dhó go raibh sé pósta agus ní raibh ag a bean dhó ach cailíní beaga na gcúimlódar ar feadh na haimsire. Bhí éad aige leis an mbean nauir nach raibh aon pháiste fir aici dhó. Theangnaigh Dia gur casadh í drumaois arís agus bhí an gobán i mionnú agus I mbáine go mbaineach sé an cloigeann diche muna mbeach mac aice dhó an turn seo. Bhí seisean imtighiche ó bhaile nuair a bualas in bhean suas. Ingean óg a bhí aice. Bhí bean coniarsanach ar an mbaile a bualadh suas na laetheannta céadna agus séard a bhí aici mac, agus le hí (aghard) bean ghobáin a shábháil runne siad malraid. Nuair a mhéaduigh sé suas an mac chuir sé é lá le lom rolann (lomra olna) le h-í (h-agaid) an craiceann is a luac a thabhairt ar ais. Casadh dhó an cailín seo ar a’ mbothar (b’í ingean a’ ghobán saor í insan fhios dó). D’fhriafraigh sí dhe céard a bhí faoi n-asgal aige. Tá, a deir sé, lomrolann agus tubhairt sé liom gan a dhul abhaile gan a’ craiceann na luach. S’gearr a bheas tú mar sin a deir sí. Thóg sí an(continues on next page)
- Collector
- Séamus Ó Maoldhomhnaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Levally, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Mainnín
- Gender
- Male
- Age
- 70