Scoil: Baile an Churraigh
- Suíomh:
- Ballincurry, Co. Galway
- Múinteoir: A. L. Ó Maoileannaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)t-samhaidh.
1 Bíonn mí-ádh ar daoine a thógann bainne do daoine eile an lá sin.
2 Ní cuirtear amach luaithreadh lá bealtaine mar deirtear go dtéigheann an t-ádh amach as an teach leis an luaithreadh.
3 Ní sguabann na mná an costa amach ar an doras lá bealtaine ar eagla na h-eagla go rachadh an t-ádh amach.
4 Ní ceart aon rud a thabhairt ar iosacht lá bealtaine.
5 Ní ceart teine d'adadh go bhfeicfidh tú deatach ag árdú ó simileár eile.
6 Deirtear nach ceart pósadh do dhéanamh i mí na bealtaine acht ma póstar is ceart madadh do mharbhú i dteach an cailín chun go mbéidh an t-ádh leis an lánamháin nua.- Bailitheoir
- Máire C. Ní Thaidhg
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Derreen, Co. Galway