School: Gleann Mhic Mhuirinn (roll number 14788)
- Location:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. Galway
- Teacher: Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Mhic Mhuirinn
- XML Page 0334
- XML “Frainc Connghaile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I
Tráthnóna deireannach Diardhaom is é a' báisteach
Seadh cosadh tíghe Sheáin mé, is shuidh mé síos,
Seadh dhearc mé an ainnir sa gclúid taobh thall díom.
Is ba deas é a gaire is a leagan sul.
Bhí a gruadh níos deirge ná na crainnte Caorthann
Is ba gile a Snód ná an eala Bhán,
Nuair a chuaidh mé 'um seanacais go cé dhár díobh í,
Ba le Frannc Cinnghaile mo Nóra Bhán.
II
Sé mo bharamhail g bhfuil sí tóigthe.
Mar fuair sí eolas ar leabhar is ar phéann
Bhí máighistir scoile aca sa teach i gcomhnaidhe
Is bhí neart de'n ór buidhe go fairsing ann.
Is cóir an teach é tíghe Frannc Connghaile,
Adeir na daoine a bhíonns a' tarraingt ann.
Tá fuisge go fairsing ann, is "punch" sá roinnt ann.
Is beadh gan cúnntas ag fear le fághail.
III
Nach mór an sgéal é ar Thamhnach Sleibhe
Nach mbéadh sí gléasta leis an Síoda Bán
Nuair a sgallann's an ghrian ar maidin gach taobh di,(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó Céide
- Gender
- Male
- Address
- Cnoc Aduaidh, Co. Galway