School: Gleann Mhic Mhuirinn (roll number 14788)

Location:
Glenicmurrin, Co. Galway
Teacher:
Nóra, Bean Mhic an Iomaire

Filter stories

Back
/ 0343 Forward
Resolution: Low | High
Éire agus A Cuid Deoraí

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0271

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Éire, agus a chuid Deóraidhe

From: (Seaghán Ó Duibhir an Ghleanna")

(I)
Éistidh liom-sa sealad,
A bhuachaillí na gcarad,
Bhfuil fuadar fúibh i le tamall,
le fonn dul i gcéin,
Gan suim i dtír ná i dtalamh,
Ná i nidh ar bith ag baile,
Acht sibh i gcomhnuidhe machtnamh
At imtheacht libh go héag;
Anonn thar thuinn na mara
Ó Éirnn ghrádhmhar bheannuighe
'S nach truaighmhéileach an sgéal.
Go bhfuil an croidhe gá threasgairt,
Ag geiteadh 'gus ag preabadh,
Faoi bhrón, faoi chumha, 'gus deacracht,
Gan aoibhneas Sult ná séan.

(II)
A Éire, a bhrumneal gheanamhail
Nach bocht do chás 's nach aisteach,
Nach deacair dhuit bheith meangach,
Ná lúd a bheit in do ghéag.
Ní h-iongantas 's tú le fada,
Ag cailleadh an nirt 's an spreacamh,

(continues on next page)
Informant
Mícheál Breathnach
Gender
male
Address
Loughaun Beg, Co. Galway
Language
Irish