Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn (uimhir rolla 14788)
- Suíomh:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. Galway
- Múinteoir: Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn
- XML Leathanach 0297
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Luigim síos, ar mo thaobh deas
Aingeal Dé, 'na luighe le m'ais
Cheithre phosta ar mo leaba
Cheithre aingle uirri sgartha
Is má fhághaimse bás as seo go maidin,
Go ríoghacht glórmár na bhflathas, go dtéidh m-'anam.Tháinig an t-aingeal le sonas i gcluais na mná.
Trí thrian le pian, trí thtian le síor shileadh deór.
Labhair an glór, chuaidh an t-uisge aníos tríd an bhféar.
Is maith an sagairt É mac Dé, is maith an baisteadh rinne Sé.
Bhaist Sé Eoghan Baistíghe, agus bhaist Eoghan baistíghe E.
An té a déarfadh an phaidir seo uair gach lá,
gheobhadh sé flathhas Dé mar dhualgas, is nior bhaoghal
dó pianta síorraidhe, ná progadóireacht go deó.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Seóighe Ní Chonnghaile
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Cnoc Aduaidh, Co. Galway