Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn (uimhir rolla 14788)

Suíomh:
Gleann Mhac Muirinn, Co. Galway
Múinteoir:
Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0315

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0315

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn
  2. XML Leathanach 0315
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tomhaiseanna
    Droichead ar loch gan maide gan cloch.
    Fr. = leic-oighre.
    Teachtaire beag ó theach, go teach, agus bíonn sé amuigh sa'n oidhche.
    To = casán.
    Tháinig sé isteach ar dhruim na ndaoine, is chuaidh sé amach chomh mín le síoda.
    = móin.
    Chuaidh mé suas, agus anuas an bóthairín agus thug mé an rud liom, ná'r raibh mé a iarraidh.
    = dealg.
    Corcán óir, is é lán d'fheóil bheó.
    = méaracán.
    Cé méid cois ar ucht muilt.
    = dhá chois.
    Siúd é sa gclúid é agus dá cheád súil air.
    = pota anbhruith.
    Saighdiúirín dearg i mbárr an chrainn, cloch ina bholg agus maide ina dhruim.
    = sgiochóir.
    Chuaidh mé suas, agus anuas an bóthairín, agus thug mé an bóthairín ar mo dhruim liom.
    = dréimre.
    Tobairín fíor-uisge i mbárr an bhaile, bultaí iarainn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge