Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn (uimhir rolla 14788)
- Suíomh:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. Galway
- Múinteoir: Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go bhfuil tú anois go creachta,
'S gur dubhrónach do shaoghal,
Ag féachaint ar na fearaibh
Tá lán de chroidhe 's go neartmhar,
'S na cailíní breágha deasa
Is áilne snodh 'gus méin,
Tá fágáil "Slán is Beannacht","
le croidhthibh dubhach agat,
'S ar bhórd na Ríghte Mara
A d'imthígheas uait, Fairíor!
(III)Céad fairíor géar! nach aisteach,
Nach brónach 's nach deacrach
An radharc a chítheas d'amharc
gach lá i rith do shaoghail,
Ar bhórd na luing-mara,
Do chlánn a' dul thar caladh
go láidir lúthmhar spreachmhail
gan filleadh ort go h-éág.
'S abheith i gcoigcreacht feasta,
i gcontabhairt a bheith cáillte,
I n-obair chruaidh dheacair,
A saothrúghadh greim a mbéil
Imeasg na ndaoine Gállda
gan creideamh ar bith ná cráibhtheacht,
I ndaimhséar a bheith báidhte
San nGalldachas bréan.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. Galway