School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Na hAille, Co. Galway
- Teacher: M. Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0506
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Fadó fadó ariamh sa tsean-aimsir bhí beirt fhear an-saidhbhir ann - tighearna agus prionnsa.”
(continued from previous page)as agus ní túisge sin déanta aice ná thuit na crainnte de. Tháinic an saighdiúr annsin anuas an staighre go ríméadach agus deirim leat gur thug an Méar síneadh láimhe maith dhó. D'imthigh an saighdiúr annsin amach an doras go geal-gháireach agus thug sé ordughadh do'n [fustion] globe é fhágáil san áit i na raibh an prionnsa agus an tighearna. Níor airigh sé go deo go raibh sé i na sheasamh i n-aice leó.
D'innis sé dhóibh gach ar tharla dó agus annsin thug sé an sparán airgid do'n (tighearna) prionnsa agus an [fustion] globe do'n tighearna agus choinnigh sé fhéin an bosga saighdiúr agus deirim leat mara raibh an bheirt buidheach dó ní lá go maidin é. Bhí an triúr ag imtheacht thart annsin agus casadh go dtí an tobar iad ar éirigh an triúr ban aníos as an lá fadó agus d'eirigheadar aníos as an lá sin freisin. Dubhairt siad leis an bprionnsa agus leis an tighearna, is fadó an lá bheadh an bheirt agaibh-se ag déanamh créafóige sa talamh marach an chaoi(continues on next page)- Collector
- Mícheál Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An Chathair, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Address
- An Púirín, Co. Galway