School: Northampton (roll number 6396)

Location:
Northampton, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0132

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0132

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Northampton
  2. XML Page 0132
  3. XML “Béaloideas - An Cóiste Bodhar”
  4. XML “Scéaltaí faoi na Sióga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéaltaí faoi na Sídheóga.
    (1) Bhí fear 'na chomhnuidhe suas i gCranna agus an oidhche seo bhí s[é] ag dul go Gaillimh le cárr cruithneachta. Bhí sé ag dul ta[r] lios agus chonnaic sé tocairte (socraid) cait agus iad ag cur cait eile a bhí marbh agus iad ag caoineachán agus ag sgreadach.
    (2) Bhí fear i na chomhnuidhe i nDoire Brian agus an oidhche seo bhí se amuigh an-deireannach. Bhí sé in aice le sliabh agus chonnaic sé cóiste bodhar agus cúpla sideóga istigh ann agus ia[d] ag maistriú. Lá ar na bhárach chuaidh sé amach agus bhain sé crann in aice leis an áit a raibh na sídheóga ag maistriú. Bhí an mí-ádh air. Chuaidh sé amach ag cómhaireamh na mbeithidhigh agus fuair cúig cinn a b'fhearr aca, tactuighthe leis na crainnte.
    (3) Bhí fear ag rothaidheacht oidhche dheireannach amháin. In aice le Dubhros chonnaic sé na sídheóga ag imirt ag báire. Ghlaoidh siad ar an bhfear agus dubhairt siad "tabhair leadóg do'n liathróid seo". Isteach sa bpáirc leis an bhfear agus thosuigh sé ag iománaidheacht leis na sídheóga. I rith na h-oidhche bhí a bhean ag cuimhneamh air. D'éirigh sí mí-fhoighdeach ag fanamhaint leis agus chuaidh sí 'na codladh. Dhúisigh sí an-mhoch ar maidin agus mhothuigh sí an fear a bhí in éinfheacht leithí an-fhuar. Dhearc sí timcheall agus nuair a chonnaic sí an sídheóg a bhí in áit a fear. D'imthigh sí ar buile.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish