School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0188

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0188

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0188
  3. XML “Scéal faoi Easóg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal faoi easóig.
    Deirtear nár an ceart rud é easóg a mharbhadh. Tá go leór sgéalta ag baint faoi an easóg. Seo ceann a chúala mé faoi an easog. Bhí fear ag teacht ó'n mBaile Mór lá amháin agus chonna[ic] sé francach agus easog ag troid.
    Bhí an easóg síos faoi an bhfrancach agus bhí an francach ag fágha[il] an taobh maith de'n troid. Núair a chonnaic an fear e sin d'iompuigh sé íad bun os cionn agus cui[r] sé an francach síos faoi an easóg. Acht núair a bhí sé dhá dhéanamh é seo do bhain an francach greim as a lámh agus bhí sé an-dona
    Tháinig go leór dochtúirí chuige acht ní raibh duine aca in ann biseach a chur ar an bhfear. Bhí sé chomh dona is nach raibh sé in a[nn] codladh agus b'éigin dó bheith i-n a shuidheadh súas ar an gcathaoir. Oidhche amháin agus é in a shuidhe súas chonnaic sé an easóg céadhna a bhí ag troid. Bhí sí ag iarraidhe a theacht anall go dtí n-a láimh.
    An oidhche in a dhiaidh sin leig an fear air go raibh sé in a chodladh agus núa[ir]
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Conchubhair
    Gender
    Male
    Informant
    Aontaine Ó Conchubhair
    Relation
    Parent
    Gender
    Male