27/03/2023 Weekly Pick  (See more »)

School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Discín

Filter stories

Back
/ 0225 Forward
Resolution: Low | High
Laethanta na Bó Riabhaí

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0153

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Na trí laetheannta í dtosach an Aibreán tugtar trí laetheannta na bó riabhaigh ortha. Seo é an fáth. Mí an-chruaidh ar na beithidhigh a bhíodh ins an Márta, fadó, mar bhíodh an fudair an-ghann an mhí sin. Ach bhí aon tsean-bhó amháin ann agus cheap sí go mbeadh sí í ndon cruadhtan an Mhárta a sheasamh. Cheap an Márta gurb é fhéin a ghnothóchadh. Annsin rinne siad geall lé chéile.

" Anois " arsan sean-bó " Cuirfidh mé geall leat go mbeidh mé í ndon rith agus léimnigh nuair a thiocfas an t-Aibréan " " Fan ort a chailín " ar san Márta " Beidh sgéal eile agat geallaim-se dhuit " " Mháir an tsean-bó ar feadh an Mhárta agus annsin ceap sí go raibh an geall buaidhte aice, agus thoisigh sí ag tabhairt dhubhlán an Mhárta.
Ach chuaidh an Márta

(continues on next page)
Collector
Pádhraic Ó Coisdealbha
Gender
male
Address
Clashaganny, Co. Galway
Informant
Máire Ní Coisdealbha
Relation
relative (other than parent or grandparent)
Gender
female
Address
Clashaganny, Co. Galway
Language
Irish