School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0182

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0182

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0182
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Aon oíche ní sé i bhfad ó shin fuair fear darbh ainm Seamus Mach Fiadhroc as Curracatuaigh bás.

    Sgéal faoi thaidhbhse
    Aon oidhche níl sé i bhfad ó shoin fuair fear dárbh ainm Seamus Mach Fiadhroc as Curracatuaigh bás. Bhí sé os cionn cláir in a teach agus bhí a dhearbhrathair le teacht as Sasana agus chuireadh beirt fhear go Cláir Cloinne Muris faoi na dhéint. Bhí sé le teacht ar an tráen aon a chlog i lár oidhche.
    Ar chuma ar bith níor tháinig sé. Ar an aistir do'n beirt a chuaidh faoi na dhéint bhí na bróga ag goilleadh ar dhuine aca. Bhí se go díreach ar iad a bhaint d[e] nuair a chonnaic síad asal ag ithe ar thaoibh an bhóthair agus rug síad air agus chuai[dh] síad ag marcaidheacht air
    As go brath leis an asal agus níor stád sé go brath go raibh sé thaobh amuigh de teach an tórramh. Annsin tháinig síad anuas de'n asal agus mo léan ní raibh aon cheann ar an asal. Ghlaoidh síad ar na daoine istigh go bhfei[c]ead síad é acht d'imhthigh sé mar sid[h] [?]
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Seosamh Breathnach
    Gender
    Male
    Informant
    Miceál Ó Maolain
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Address
    Pollaturick, Co. Galway