School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí sé déanta chomh maith sin nár fhéad na Sasanaigh é a leagan agus tá sé ann anois agus gan ach píosa beag de leagtha. Deirtear go raibh daoine darbh ainm 'na cailleacha draoidheachta' ann uair agus bhíod siad ag ithe daoinibh a thagadh an bealach mar bhí bhí [!] an bóthair go Tuaim ag rith i n-aice leis an t-am sin.
Ar aon nós bhí fear ag dul go Tuaim ar muin chapaill lá amháin agus ní raibh a fhios aige go raibh saghas daoine mar sin ins an gcaisleán. Tháinic ceann de na cailleacha amach roimhe agus thug cuireadh dhó theacht isteach 'san gcaisleán go n-ólfadh sé gloine fíona. Chuaidh sé isteach agus d'fhág sé a chapall taobh amuigh.
Shuidh sé síos agus bhí sé ag féachaint thart nó go bhfaca sé pota mór ar an teine. Shiubhal sé go dtí é agus d'fhéach sé isteach ann agus céard a d'fheicfeadh sé ach ceann duine ag bruith(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Gender
- Male
- Address
- Clashaganny, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Coisdealbha
- Gender
- Female
- Address
- Clashaganny, Co. Galway