Scoil: Baile an Mhuillinn (B)

Suíomh:
Milltown, Co. Galway
Múinteoir:
Pádraic Ó Discín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0109

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0109

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Leathanach 0109
  3. XML “Scéal faoi Thaibhse”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal faoi taidhbhse
    Bhí bean ann aon uair amháin agus bhí sí an-cneasta. Thárla go bhfúair sí bille dhá phunt ó siopadór aon lá amháin ach ar an lá céadhna thuit sí tinn agus sgearr go bhfuair sí bás gan an bille a íoc.
    Bhí go maith is ní raibh go holc an oidhche tar éis an tsocruide cloiseadh torann mór ó’n seomra a fuair an tsean-bhean bás ann agus thárla an rud céadhna an dara oidhche ach ar an oidhche sin bhí fear an tighe ina shuidhe ag fanacht leis. Chuaidh sé suas go dtí an seomra mar ba fear dána neamh-eagla a bhí ann agus nuair a d’osgal sé an [!] céard a chonnaic sé ach an tsean-bhean a cuireadh cúpla lá roimhe sin. Bí sí ina seasamh i lár an urláir agus bhí sí ag síneadh méire ar bhosca a bhí ins an gcúinne. Chuaidh an fear anonn chuig an mbosca annsin agus d’osgal sé é. Chonnaic sé go leor páipéirí istigh ann agus imeasg na bpápéar bhí an bille. Thóg sé aníos é agus go díreach ar an bpoinnte sin d’imthigh an tsean bhean. Thuig an fear annsin céard a bhí uaithí agus d’íoch sé an bille an lá dár gcionn. Níor tháinic an tsean-bhean thar éis indhiaidh sin
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraig Ó Dólán
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Milltown, Co. Galway