Scoil: Baile an Mhuillinn (B)

Suíomh:
Milltown, Co. Galway
Múinteoir:
Pádraic Ó Discín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0099

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0099

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Leathanach 0099
  3. XML “Maighdean an Chúil Óir Bhuí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Tá a fhios agat ceárd dubhairt d'athair liom" ars an t-uncail "thú chuir chun bealaigh mara ndeánthá mo chomhairle" "Is cuma liom", ars' an buachaill.
    "Deánfaidh sin" ars an t-uncail "imthigh leat agus tabhair an caipillín sin leat." Lá'r na bhárach d'imthigh an buachaill go dtug leis an caipillín agus go ndeachaidh ar a dhruim agus gur imthig roimhe leis. Bhí sé ag imtheacht, ag imtheacht, ag imtheacht roimhe agus gan fios aige cé raibh sé dul. Dul faoi do'n gréin chonnaic sé uaidh éan mór dubh agus ribe gruaige ina ghob aige agus bhí solas as an ribe mar bheadh as míle coinneal le chéile. Bhí se ag brostughadh an chaipillín go dtagadh sé suas leis an éan núair a labhair an caipillín leis
    "Má ghlacann tú mo chomhairle" ars' an capillín leis, "Ní bheidh áon bhaint agat leis an éan sin" "Ní bheidh mé sásta go bráth" ars' an buachaill "go bhfaghaidh mé an ribe sin"
    "Maith go leór" ars an caipillín "ach b'fhearr duit gan bacadh leis". Deamhan a raibh síad i bhfad go raibh síad suas leis an éan gur bhain an ribe gruaige dhe. Bhíodar ag imtheacht, ag imtheacht aríamh gur shroicheadar an Spáinn. Núair a chualaidh rí na Spáinne go raibh a leithide ann, níor stop sé go dtáinigh sé aige go bhfacaidh an ribe gruaige a raibh an solus as mar sholus gréine.
    "Nois" ars an rí leis "munar bhfaghaidh tú dhomhsa an bean gur leithe an ribe gruaige sin tá do cheann le
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0531: Ferdinand the True and Ferdinand the False
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    P. O Díscín
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Micheál Halliday
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dalgin, Co. Galway