Scoil: Baile an Mhuillinn (B)

Suíomh:
Milltown, Co. Galway
Múinteoir:
Pádraic Ó Discín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0098

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0098

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Leathanach 0098
  3. XML “Maighdean an Chúil Óir Bhuí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Maigdean an Cúil Ombra
    Bhí beirt dearbhrathair ann agus bhí an bheirt posta. Ní raibh acht aon mhac amháin ag dearbhrathair aca agus núair a bhí sé ar leabaidh a bháis dúbhairt sé leis an dearbhráthair eile a mac a thógáil dhó acht an céad úair nach ndeánfadh sé mar deárfadh sé leis é a chur chun bealaigh.
    Bhí ceithre láracha fichead aca agus bliadhai[n] tar éis bháis an dearbhrathair bhí trí searaigh fichid buineann aca agus aon bhromach amháin agus ní fhacaidh tú aríamh bromachín chomh deas leis. "Téirigh" ars' an dearbhathair [!] leis an mbuachaill "agus marbhuigh na trí shearaigh fichead sin". Chuaidh an buachaill ama[ch] agus marbhuigh sé na trí searaigh fichead agus bhí cead ag an mbromachin beith a' dúil ar na ceithre laracha fichead. An bliadhain dar gcionn bhí ceithre searaigh fichead aca agus bhí síad ar fad buinean[n.] "Téirigh amach" ars' an t-uncail leis "agus marbhuigh n[a] ceithre searaigh fichead sin." Chuaidh an buachaill amach agus marbhui[gh] sé na ceithre searaigh fichead go dtug sé cead do'n bhromachín bheith dúil ar na ceithre laracha fichead an bliadhain sin aríst.
    An tríomhadh bliadhain bhí ceithre searaigh fichead buineann ag na lárachaibh. "Gabh amach" ars an t-uncail arís leis agus marbhuigh na searai[gh] sin. "Ní racfhad ars an buachaill "Bhead[h] muid saidbhir anois ag na lárachaibh meireach thú"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0531: Ferdinand the True and Ferdinand the False
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    P. O Díscín
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Micheál Halliday
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dalgin, Co. Galway