Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Milltown, Co. Galway
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Leathanach 0077
- XML “An Cheárta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bioranna, píosaí d'iarrainn leagtha annso agus annsiúd. Bhí go leór céachtaí agus cliathanna taobh amuigh lé deasughadh agus cairt ann lé rothai nuadha dá gcur ortha. Tá go leór pisreógaí ag baint leis an ngabhainn agus leis an gceardchain. Seo cuid aca. Dá mbeadh aon rud ag gabha in d-aghaidh, dá n-ionntóchadh sé an t-inneón ort deirtear go leanfadh an mí-ádh thú an fadh a mhaireas tú. Bhí éan ann uair amháin fadó agus chaith sé dhá céad bliadhain ar inneón í gceardchain agus nuair a tháinic Naomh Pádhraic chuige bhain sé cainnt as. Bhí gob an éin caithte go dtí an stumpa agus bhí píosa de'n inneóin caithte freisin mar gheall go raibh an éan ag cuimilt a ghuib leis ar feadh an ama go léir. D'fhiafruigh Pádhraic de cé'n lá is mó a tháinic fuacht air. D'fhreagair an t-éan é agus dubhairt sé "Tá mé annso anois lé dhá céad bliadhain agus níor airigh mé lá a raibh níos mó fuacht ann ná an chéad lá de Bealtaine".
Deirtear nach bhfuil ceird níos naomhtha ná ceird an ghabhann an dhruim an domhain. Seo é an fáth. Nuair a bhí ár dTighearna í nglaic ag na Iúdaighthe chuaidh (chuaidh) siad go dtí an ghabha agus d'iarr siad air táirnge a dhéanamh lé n-ár dtighearna a chéasadh ach ní dhéarnaidh sé na táirnge dóibh. Annsin chuaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Coisdealbha
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann