Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Milltown, Co. Galway
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Seo scéal faoí crocáinín beag a bhfuil poll beag ann...”
Seo sgéal faoí crocáinín beag a bhfuil poll beag ann tuairi[m] troigh o'n talamh. Deirtear go bhfaca go leór daoine éan bán ag teacht agus luigheann sé ar an gcnoc agus nuair a rúaigtea[r] é téigheann sé isteach ins an bpoll agus bhí sé ag teacht ann ar feadh bliadhanta.
Tá sé ráidhte go bhfuil sé ann go fóill agus tá sgeach iongantach in gar do'n cnoc agus tugtar sgeach Anne air. Ach ar chum ar bith bhí ar an bhfeilméar fataí a chur ins an bpái[rc] agus b'éigin dó an cnoc a leagan agus leag sé é agus d'eiteal[l?] an téan ban amach.
Ach mar sin fhéin thosuigh sé ag treabhadh na 'páirce agus bhí láir agus bromach ag treabhadh aige agus bhí searach aige freisin agus maidin lá ar na mharach tar éis na páirce a treabhadh thuit an láir tinn agus fuair sí bás agu[s] thuit an bromach tinn annsin.
Dubhairt duine dá comharsanaibh leis an cnoc a déanamh suas arís agus go bhfuigheadh an bromach biseach arís, rinne sé súas an cnoc agus bhí an bromach go maith arís. Níor bhac aon duine leis an gcnoc ariamh ó shoin.- Bailitheoir
- Tomás Ó Fearchair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Russelstown, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Séan O Fearchair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Russelstown, Co. Galway