Scoil: Crois-Bhóthar
- Suíomh:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois-Bhóthar
- XML Leathanach 0344
- XML “Seanscéal - Oisín agus <span class="exact">Naomh</span> <span class="exact">Pádraig</span>”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oisín agus Naomh Pádraig:-
Uair amháin bhí Naomh Pádraig agus Oisín ag cainnt agus dubhairt Oisín gur maith leis na Fíanna a fheiceáil arís. Theasbáin Naomh Pádraig iad dó agus iad in Ifreann ag troid leis na diabhail. Ní raibheadar i bhfad ag troid nó go gur bhris an súiste abhí ag Conán Maol na Mallacht agus bhuail na diabhail na Féinne annsin.
D'innis Naomh Pádraig d'Oisín annsin má chreidfeadh sé i nDia nach rachadh sé go dtí an áit sin. Dubhairt Oisín do Phádraig annsin má thiubharfadh sé tug [both sticks or parts of a flail for threshing] d'iarann do Chonán Maol na Mallacht go gcreidfeadh sé annsin i nDia.- Bailitheoir
- Áine Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cloonkeenbeg, Co. Galway