Scoil: Tóin an tSeanbhaile

Suíomh:
Tóin an tSeanbhaile, Co. Mayo
Múinteoir:
Pádhraic Mac Pháidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 332

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 332

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tóin an tSeanbhaile
  2. XML Leathanach 332
  3. XML “Comharthaí na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Comhairthí na h-Aimsire
    Tá go leor comhartha ag na daoine annséo ar an aimsir, baineann siad fios as an spéir. Nuair a bhíonns an spéar glan, tá uair mhaith le teacht, agus nuair a bhíonns an ghrian íseal san spéir tá uair dorcha ag teacht. Nuair a bhíonns an ghrian an gheal deireann na sean-daoine go bhfuil uair dorcha ag teacht. Nuair a éirigheann an ghrian go h-an luaith ar maidin tá báisteach ag teacht, freisin nuair a bhíonns sí dearg ag dul síos, tá uair mhaith ag teacht. Nuair a bhíonns an ghealach ag rith san spéir, tá stoirm ag teacht, agus nuair a bhíonns an cearcall in aice na gealaighe níl an bháisteach ag teacht.
    Nuair abhíonns stoirm ag teacht tigeann na fuilleóga ón fhairrge go dtí an talamh. Agus feiceann tú spladhar gorm ins an teine, agus bíonn an cat inaice na teineadh agus bíonn sí ag scríopadh, agus tigeann na caoirigh anuas ó mhullaigh na gcnoc.
    Nuair a bhíonns céo an bhóthair ag imtheacht leis an ghaoith, tá athrú ar an uair. Nuair a bhíonns na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Páid Ó Cabharcaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tóin an tSeanbhaile, Co. Mayo