Scoil: Tóin an tSeanbhaile
- Suíomh:
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádhraic Mac Pháidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[-]
- Sean fhocail san cheanntar seo1. "An té nach n-ólann acht uisge ní bhíonn sé ar meisge".
2. "Ná tabhair do bhreith ar an gcéad scéal go mbeiridh an taobh eile ort".
3. "Aibreán bog braonach a bheiris bainne do bhuaidh, is do chaoirigh".
4. "Bliain na n-áirne bliain brónach".
5. "Bliain na sceachóirí bliain bhreágh".
6. "Ceó ar abhainn, ceó an t-sonais, ceó ar chnoc, ceó an donais".
7. "An áit a mbíonn toit bíonn teine, san áit a mbíonn teine bíonn teas".
8. "Na trí cáirde is fearr, is na trí náimhde is measa, teine, gaoth, is uisge".
9. "Gáire maith is codladh fada an dhá leigheas is fearr i leabhar an dochtúra".
10. "Is fearr rith mhaith, nó droch sheasamh".
11. "An rud atá thiar, cuireann Dia aniar é".
12. "San áit a mbíonn bó bíonn bean".
13. "An té atá thíos buailtear cos air, acht an te atá thuas óltar deoch air".
14. "San áit a mbíonn mná bíonn gleó".
15. "Céard a dhéanfadh mach an chait acht luch a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Mhaoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo