School: Druim Caoin

Location:
Drumkeen, Co. Donegal
Teacher:
Seán A. Ó hArthaighe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1101, Page 148

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1101, Page 148

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim Caoin
  2. XML Page 148
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Do chuaidh mé seal tamaillt ar chuairt go bhfeicfinn féin uaim an spéar.

    (continued from previous page)
    “Chonnaic mé fear ar tír mhór
    ‘S é ag imtheacht gan bhróg indé;
    ‘Sé measaim gur tusa an fear óg
    A rabhthar ‘san tóir na dhiaidh;
    Mar dtaraidh tú anall do mo chomhair,
    As stad de do chuid glórach gan chéill,
    Rachaidh mé as coinneochaidh mé scór?
    Rona mhac ar tír mhór ar léim”.
    Nuair a chuaidh isteach go toigh ‘n óil
    B’fháiteach go leór mó shuidhe,
    Ar fháitchíos go dtiocfadh an tóir,
    As go mbainfeadh an óig bhean díom;
    Bhí biotailte fairsing go leór
    As beagan da ól ‘san tír,
    Gach duine agus gloinne na dhorn
    Le comhrádh a thabhairt do’n dís.
    Nuair a fuair muid gach cineál [A]? d’fhóir
    Sé mheas muid gur chóir dúinn suidhe,
    ‘S dá nólfainn - se gálún de’n ól
    B’furust mó scór a dhíol;
    A leitheid ní fhaca mé go fóill
    Í mbaile nó í ród a shiubhail mé;
    Da bhfeicfinn se í mBaile-‘n atha Mhóir iad
    Geobhfaidhe cailiní óga ar phighinn
    (nóta :- Ní fhuair mé ainm ar bith do’n amhrán seo).
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán A. Ó hArthaighe
    Gender
    Male
    Address
    Glenleheen, Co. Donegal
    Informant
    Toiréasa Ní Ghaoithín
    Gender
    Female
    Address
    Glenleheen, Co. Donegal