School: Druim Caoin

Location:
Drumkeen, Co. Donegal
Teacher:
Seán A. Ó hArthaighe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1101, Page 131

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1101, Page 131

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim Caoin
  2. XML Page 131
  3. XML “Scéal - Máire Ní Chripleas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal: Máire Ní Chripleas.
    Tá sin agamsa sgéal beag neimheach neamhach fa chás na caillighe á báitheadh ar maidin Dia Domhnaigh uair roimh éirghe gréine nuair a bhí dhá uair de steis an mheadhon-lae ann ag Sráid-bhaile an Choimhric, ag Comhrac na gcúig gcasan, an áit a rabh ocht dtroighthe déag de droichead cleiteach. Teampall cleiteach an áit ar báitheadh an cháilleach. Is fíor é da gaol damhsa an cháilleach. Dá bhfuighinn-se bás chuirfeadh sí mo thuairisc acht ós rud é gur eise a fuair bás cuirfidh mise tuairisg na cáillighe.
    Shiubhal mé liom ar ród an bhealaigh-mhóir. Níor bfhada a chuaidh mé gur casadh damh diúlach géar gasta agus lód ubhall leis, cloch bróin in a mullach a shábhail gan iad a bhrúghadh.
    Le préabadh na mbos agus tionntadh na súil d'ith mé féin lód na nubhlaí. Shiubhal mé liom ar ród an bhealaigh mhóir. Ní bhfada a chuaidh mé gur casadh damh diúlach géar gasta. D'fhiafriagh mé dó an bhfuighinn tuairisc teach Sheáin Mheilidain. Dubhairt sé liom go bhfuighinn agus failte: Go rabh sé shíos in lag, suas mullaigh árdan, agus gan teach in a chomhair acht dhá chéad teach a bhí thart fa dtaobh de. É 'na theach bheag bhaoideach, 'na theach bhréagh mhór í lár eatorrtha.
    "Mó sháith de thuairisg atá agam" arsa mise, "acht dá bhfuighinn tuilleadh bhéinn ar shiubhal."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán A. Ó hArthaighe
    Gender
    Male
    Address
    Glenleheen, Co. Donegal
    Informant
    Brighid Nic Aghoill
    Gender
    Female
    Address
    Glenleheen, Co. Donegal