Scoil: Druim Caoin
- Suíomh:
- Droim Caoin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán A. Ó hArthaighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim Caoin
- XML Leathanach 148
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Do chuaidh mé seal tamaillt ar chuairt go bhfeicfinn féin uaim an spéar.”
(ar lean ón leathanach roimhe)“Chonnaic mé fear ar tír mhór
‘S é ag imtheacht gan bhróg indé;
‘Sé measaim gur tusa an fear óg
A rabhthar ‘san tóir na dhiaidh;
Mar dtaraidh tú anall do mo chomhair,
As stad de do chuid glórach gan chéill,
Rachaidh mé as coinneochaidh mé scór?
Rona mhac ar tír mhór ar léim”.Nuair a chuaidh isteach go toigh ‘n óil
B’fháiteach go leór mó shuidhe,
Ar fháitchíos go dtiocfadh an tóir,
As go mbainfeadh an óig bhean díom;
Bhí biotailte fairsing go leór
As beagan da ól ‘san tír,
Gach duine agus gloinne na dhorn
Le comhrádh a thabhairt do’n dís.Nuair a fuair muid gach cineál [A]? d’fhóir
Sé mheas muid gur chóir dúinn suidhe,
‘S dá nólfainn - se gálún de’n ól
B’furust mó scór a dhíol;
A leitheid ní fhaca mé go fóill
Í mbaile nó í ród a shiubhail mé;
Da bhfeicfinn se í mBaile-‘n atha Mhóir iad
Geobhfaidhe cailiní óga ar phighinn
(nóta :- Ní fhuair mé ainm ar bith do’n amhrán seo).- Bailitheoir
- Seán A. Ó hArthaighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Léithín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Toiréasa Ní Ghaoithín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Léithín, Co. Dhún na nGall