School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 61
- XML “Dóchas na Caillí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tógáil aici is. Bhí sí a’ seinm agus ag síor-chainnt ó mhaidin go h-oidhche agus ó oidhche go maidin. Bhí an teangaidh ag gabhail aici mar bheadh muileann gaoithe ann. Bhí sí na measardhacht i dtaca le h-olc fhad agus bhí breac-shláinte aici, acht bhuail breoidhteacht í fá dheireadh agus chuaidh sí ‘un diabhail glan annsin. Níor bhféidir seasamh léithi nuair a ghlac sí an chlaoidhteacht. Bhí an fear bocht tógtha o lár aicí agus chan sin amháin acht bhí sé sgriosta aicí. Bhí a sholáthair saoghalta caithte léithi. Níl aon áit thall no a bhfus Dá gcualaidh sé dochtúr ná leaigh a bheith nar chuir sé gairm ortha. Thug achan fear a chíneál fhéin cómhgaisí díthe acht ní rabh gar ann. Níorbh fhéidir a cur ar a bonnaí. Dá mbéadh sí ina duine mhaith ba fhada an lá marbh í, acht is doiligh droch dhuine a mharbhughadh. Indhiaidh(continues on next page)
- Collector
- P. Mac Ailín
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir