School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dtearn sé ní ba mhó moille i Gcaisleán Mhic Dhiarmada acht dimthig leis go Tírconaill. Chan amhlaidh do Mhaolmuire Mac Suibhne Maolmuire an bhata buidhe Do ghluais sé go Baile-Atha-Cliath. Dhuibhlinne agus do thairg a chlaidheamh agus a ghaisgidheacht Ua Chonchubhair Sligigh agus do na Gallaibh. Ba lánáthasach iadsan fá theacht an churaidh sin óir ba ghaisgidheach traen dásachtach é agus ón lá sin amach cá rabh fear ann arm na bainríogna do throid ann aghaidh Gaedheal Éireann comh fíochmhar nimhneach eascáirdeamhail agus rinne an Maolmuire sin. Dáltha Diarmada na nGall agus Néill Gairbh Uí Dhomhnaill agus daoine eile diombainte dobhtha ó rinne fé feall ar a thír bhí sé dileas don náimhaid (rinne) agus thug seirbhís luachmhar dobhta agus tugadh luach saothair dó da réir. Rinneadh taoiseach agus duiune uasal dé agus d’áthrúigeadh a chomhainm. Tugadh Sir John Mac Swney ar nós Gallda. Comh luath [us]? thainig Meadhbh Ní Chonchubhair go Baile-Atha-Cliath diarr Sir John ar a h-athair i le na pósadh agus tugadh do í. Pósadh iad mhBaile-ata-Cliath(continues on next page)
- Collector
- P. Mac Ailín
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir