School: Ballylar (roll number 10444)

Location:
Baile Láir, Co. Donegal
Teacher:
Aodh A. Mac Congáile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 135

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 135

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballylar
  2. XML Page 135
  3. XML “Féilí na Bliana”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mbéidh ádh ortha. Deirtear go muirbhfidh sé nó sí duine nó go marbhochthar é nó í.

    Lá Cuirp Criíost
    Tuiteann an lá seo do réir mar thig an corgas. Níl aon dáta faoi leith aige. Tuiteann slá Bealtaine ar an chead lá de mí na Bealtaine.

    Sean Bhealtaine
    Bheirtear Oidhche Bhealtaine nó Sean Bhealtaine ar an oidhche dheireannach de Bhealtaine. Ghnidhtear crann Bealtaine do chur os cionn an dorais.

    Feil ' Eoin
    Tuiteann an lá seo ar an triomhadh lá fichid de Mheitheamh. Is gnáthach teine Fhéíl Eoin a lasadh an oidhche sin.

    Lá Fheil Peadar
    Tuiteann an lá seo ar an naomhadh lá fichid de Mheithimh. Is lá saoire é.

    Lá Fheil Mhuire
    Tuiteann an lá seo ar an chúigheadh lá déag de Lughnasa.

    Oidhce na Marbh
    Bheirtear Oidhche na Marbh ar an oidhche roimh lá Samhna. Fagtar an teine gan í a choigilt an oidhche sin. Deirtear go mbíonn marbh ag dul thart an oidhche sin.

    Oidche Nodlag
    Bheirtear Oidhche Nodlag ar an oidhche roimh an Nodlaig. Crochann na páistí a gcuid stocaí suas in aice na leabtha le Santa a theacht chuca.

    Lá Nodlag
    Bheirtear lá Nodlag ar an cúigeadh lá fichid dé Nodlaig.

    Nodlag Bheag
    Bheirtear lá Nodlag Bheag ar an chéad lá de'n bhliadhain úir.
    Máire Ní Bheaglaoich
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Bheaglaoich
    Gender
    Female
    Address
    Seanach, Co. Donegal