School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 087
- XML “Ainmhithe Allta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá na h-easógaí flúirseach i gcomhnaidhe. Na poill a bhíoon aca bíonn siad beag. Olann na h-easógaí fuil coiníní agus sin a mbíonn siad beo air. Tá ruball fada ar na h-easógaí agus níl siad ró mhór. Tá cuid mhór coiníní ins an áit seo fósta. Bíonn cuid aca ins an talamh. Bíonn siad ins na cnuic ins an fhraoch. Ainmhidhe beag fá thuairim an mhéad ceadna le cat atá ins a choinín ach tá ruball goirid air. Tá an giarrfhiadh níos mo ná coinín agus tá sé gasta ag rith. Tá cuid mhór ins an áit seo fosta. Ins na cnuic a bhíonn siad na gcomhnaidhe. Ghnidheann an giarrfhiadh a leabaidh ins an fraoch no i n-áit fhliuch. Nuair a bhíonn sé ag cuartughadh a chuid druideann sé béal na neide.Tá cuid mhór madaidh-uisge ins na locha agus na h-aibhneacha. Madadh íseal atá ins an madadh-uisge. Itheann na madadh-uisge iasg.Ainmhidhe beag atá ins an ghrainneóig-fhéir agus tá blaosg air. Tá dealgáin ar an bhlaosg. Bionn poll aca fósta agus níl fhios agam caidé(continues on next page)
- Collector
- Séamus Mac an t Saoir
- Gender
- Male
- Address
- Seanach, Co. Donegal