School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 023
- XML “Longbhriseadh”
- XML “Báthadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an tráigh agus mar sin de sabháileadh iad uilig. Tháinig an chuid is mó de'n ghual go dtí an tráigh i nDumhaigh Bhig.
- Ins an t-sean am bhí beirt ghasúr in a gcomhnuidhe i gCeann a Locha. Séamus Ó Baoighill agus mac Eoghan Uí Cheannainn a bhí ann. Anois báitheadh an bheirt aca i Loch Ceann a Locha agus mar deireann na sean daoine "Is é an amaidaigh agus a n t-óige a bhaith iad". Seo mar tharla an sgéal: lá amháin chuaidh an bheirt aca amach i gcurrach bheag a bhí ag Eoghan Ó Ceannainn. Thiontuigh an bád nuair a bhí siad i lár an locha agus thoisigh an t-uisce ag teacht isteach. Thoisigh an bheirt aca ag scréaduigh mar bhí eagla ortha. Nuair a chualaidh Eoghan an callán rith sé amach. Thug sé iarraidh a mhac féin a shábháil i dtosach ach fuair an bheirt ghasúr greim air agus tharraing siad é faoi'n uisce agus báitheadh an triúr aca. Is é an taisme is mó a tharla i gCeann a Locha ariamh é.
- Collector
- Maighread Ní Bhaoighill
- Gender
- Female